Ag cur ár

gceacht idirghníomhach Mata in iúl,

Tá leabharlann ceachtanna idirghníomhacha Uimhreachta forbartha againn trí Ghaeilge. Tugtar teacht ar leabharlann iomlán ceachtanna nuair a cheannaítear pacáiste ó Achieve Online.

Ceacht Mata Samplach

Suaitheantas Bronnta Don Cheacht Seo:
Uimhir Dhraíochta

Tá carachtair agus suaitheantais dhifriúla cruthaithe ag Achieve dár gceachtanna ar fad, chun cabhrú le daltaí fanacht ar thasc le moladh dearfach.

Is féidir le daltaí ár n-albaim sticéirí a úsáid saor ina aisce chun súil a choimeád ar a gcuidsuaitheantas agus ar a ndul chun cinn indibhidiúil thar thréimhse ama.

An dtaitníonn atá feicthe agat ag an bpointe seo leat?

Déan teagmháil lenár bhfoireann ag an uimhir thíos. Tá ball foirne réidh do ghlaoch a ghlacadh agus triail 24 uair an chloig saor in aisce a shocrú duit.

Bain triail as ar feadh 24 uair

Déan teagmháil linn: 01 628 64 64

Ceisteanna minicíochta ar na ceachtanna idirghníomhacha

Cad go díreach iad na ceachtanna?

Is ceisteanna daite spreagúla tarraingteacha iad ár gceachtanna idirghníomhacha. Tá 10 gceist téamhaithe agus ansin 20 ceist grádaithe i ngach ceacht. Tá na ceachtanna cruthaithe chun díriú ar pháistí, saor ó chur isteach gan ghá, simplí le leanúint agus tá rannta cabhracha ar bheagnach gach sleamhnán.

LÉIGH NÍOS MÓ

Chomh maith leis sin, áit a thógtar fadhb chasta isteach, tá an roinn, Ár nAm Le Foghlaim ann, a stopann
an ceacht ar feadh nóiméid chun topaic faoi leith a mhíniú, roimh dul ar aghaidh. Sampla ina n-úsáidtear an gné seo ná chun codáin choibhéiseacha a mhíniú.

Cén bogearraí/crua-earraí a bheidh ag teastáil ó mo scoil?

Oibríonn ár gceachtanna ar aon ghléas le scáileán le níos mó ná 1024 px. San áireamh ansin tá taibléid, ríomhairí glúine agus scáileáin níos mó, cláir bhána idirghníomhacha san áireamh. Ritheann na ceachtanna ar fad ar iPad, Android, Windows PCs chomh maith le ríomhairí Mac.

LÉIGH NÍOS MÓ

Níl mórán spáis cómhad ag teastáil do na ceachtanna, agus ritheann siad ar ríomhairí le teacht teoranta ar an idirlíon, agus eagraítear na ceachtanna ar ár suíomh idirlín féin mar óstríomhairí, chun an t-am íoslódála a laghdú. Is é an t-aon riachtanas ná go bhféachann sibh orthu ar bhrabhsálaí thuas chun dáta, ar nós Google Chrome, Safari nó Firefox. Tá uirlis áisiúil againn chun seiceáil an bhfuil do bhrabhsálaí thuas chun dáta. Cliceáil ar an gcnaipe thíos chun do leagan a sheiceáil.

Uirlis Sheiceála Brabhsálaí

Cén sórt ceachtanna atá ar fáil?

Tá leabharlann chuimsitheach de cheachtanna Uimhreachta agus Litearthachta forbartha ag Achieve i mBéarla agus i nGaeilge. Tá na ceachtanna dírithe ar Ranganna 3 go 6 agus bunaithe ar an gCuraclam.

LÉIGH NÍOS MÓ

Tá na ceachtanna ar fad cruthaithe ag múinteoirí Éireannacha le páistí scoile Éireannacha ag croílár an phróisis. Chuige sin, chuir Achieve scéim phíolótach dár gceachtanna ar siúl i mbunscoileanna Éireannacha roimh athruithe riachtanacha a tháinig chun cinn as an taithí sin a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar conas a idirghníomhóidh na páistí lenár gceachtanna.

Cé dóibh na ceachtanna?

Ta na ceachtanna roinnte i dtrí leibhéal, agus oiriúnach d’aoiseanna éagsúla, ag brath ar chumas.

LÉIGH NÍOS MÓ

Mar threoir ghinearálta, tá ár gceachtanna forbartha do ranganna 3, 4, 5 agus 6, ach tá ár gceachtanna tar éis cabhrú le scoláirí na céad bliana tuiscint níos fearr a fháil ar an gCuraclam Mata trí Ghaeilge agus ar a gcuid Gaeilge.

Conas a thosóidh mé ?

Tá sé fuirist tosnú. Cuir glaoch ar ár n-oifig ag an uimhir thíos chun caint le ball foirne againne. Más mian leat triail a bhaint as ár mbogearraí sula gceannaíonn tú, tá triail 24 uair an chloig á tairiscint do gach custaiméir nua. Chun an tairiscint seo a fháil, déan teagmháil linn. Slí eile chun tosnú ná taispeántas scoile saor in aisce a lorg. Is féidir na sonraí teagmhála thíos a úsáid chun tosnú.

Cuir glaoch orainn: 01 628 64 64